GALLERY: Éigse Sheagháin Bháin Mheanman i mBaile na Finne ar na mallaibh

By Eamonn McFadden

Reporter:

By Eamonn McFadden

Email:

eamonn.mcfadden@donegaldemocrat.com

Bhí Éigse Sheagháin Bháin, an naoú hÉigse fichead ar siúl i mBaile na Finne ar na mallaibh. Bhí Áras Sheagháin Bháin lán go doras oíche hAoine nuair a rinné Seán Ó Gallachóir, Oifigeach Forbartha Fiontar agus Pobail, Údarás nae Gaeltachta, an Éigse a oscailt go hoifigiúil.
Le linn a chuid cainte, rinne sé tagairt dena chéad chuairt lena athair go dtí Marglann na gCaorach i dTaobh a’Mhuilinn.
Ba hé an Dr. Conal Mac Seáin, Léachtóir le Gaeilge, Coláiste San Aingeal, Sligeach a thug léacht na hÉigse, dar teideal ‘Éinrí Ó Muirgheasa agus oidhreacht liteartha na Gaeltachta Láir.’ Is as Gleann tSuilí do Chonal agus thug sé sárléacht a bhí an-suimiúil.
Seoladh leabhair le Mícheál Mac Giolla Easbuic as Cill Chartha, ‘Scéalta as Tír Chonaill,’agus an dara ceann ‘Séarlaí Mac Anna agus Mé Fhéin’ le Pádraig Mac Seáin.
Bhí comórtas “Deis a Labhartha”, do pháistí ar siúl ar an tSatharn. B’iad na buaiteoirí ná Marcus Ó Baoill, Aisling Ní Bhaoill agus Eibhlín Ní Bhaoill, Bhaile na Finne.
Bhí coirmceoil san Áras le Fergus Mac Aoidh agus a chairde oíche Shatharn.
Tá an coiste fíorbhuíoch do achan nduine a chuidigh leo. Craoladh Aifreann an Domhnaigh beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta as Teach Pobail Cholmcille, le paidreacha ag uaigh Sheagháin Bháin.