An bua ag cailíní Naomh Mhuire i gComórtas Peile na Gaeltachta

An bua ag cailíní Naomh Mhuire i gComórtas Peile na Gaeltachta
D’éirigh le cailíní Naomh Mhuire as Dún na nGall craobh comórtas peile na Gaeltachta faoi 17 a bhaint i gConamara – agus seo an chéad uair dóibh a bheith páirteach sa chomórtas seo.

D’éirigh le cailíní Naomh Mhuire as Dún na nGall craobh comórtas peile na Gaeltachta faoi 17 a bhaint i gConamara – agus seo an chéad uair dóibh a bheith páirteach sa chomórtas seo.

Bhí lúcháir mhór ar chailíní na Rosann nuair a shéid an réiteoir a fheadóg ag deireadh an chluiche ceannais ar Pháirc Ros a Mhíl agus iad tar éis an lámh is fearr a fháil ar chailíní Na Ceathrún Rua as Conamara.

Agus bhí an gradam tuillte acu mar d’imir siad go cumasach agus go cruinn lena n-iarrachtaí scórála.

Ba í Jade Ní Dhómhnaill do na buaiteoirí a rinne gaisce an cluiche ar fad agus gradam laoch an chomórtais féin bronnta uirthi i ndaidih na craoibhe.

Is comórtas é seo do dhaoine óga as na ceantair Gaeltachta a theacht le chéile chun comórtas peile a imirt agus ansin oíche siamsaíochta a bheith acu i dteannta a chéile.

Is iad Scéim Oiliúna CLG na Gaillimhe agus Óige na Gaeltachta a eagraíonn an Comórtas seo le tacaíocht ón Roinn Ealaíon Oidhreachta agus Gaeltachta agus comhlachtaí áitiúla.

I mbliana d’fhreastail cheithre fhoireann déag ar an gcomórtas agus ina measc sin bhí foirne cailíní agus buachaillí as ceantar Gaeltachta na Gaillimhe, Béal Feirste, Gaoth Dobhair agus foirne Naomh Mhuire as Tír Chonaill.

I gcomórtas na gcailíní d’éirigh le Naomh Muire an lámh in uachtar a fháil ar Micheál Breathnach na Gaillimhe sa chéad chluiche leathcheannais agus bhuaigh An Cheathrú Rua ar chailíní Naomh Anna Leitir Móir sa dara cluiche leathcheannais.

Imríodh an cluiche ceannais idir Naomh Mhuire agus cailíní An Cheathrú Rua, agus tar eis coimhlint chrua bhí an bua ag Naomh Mhuire leis an scór 5-6 in aghaidh 2-4.

Ba é seo an chead uair a ghlac foireann Naomh Mhuire páirt sa gcomórtas agus bhí siad thar a bheith sásta leo fhéin tar eis an craobh a bhaint.

I ndiaidh na gcomórtas bhí béile agus oíche siamsaíochta ar fáil do na foirne ar fad a ghlac páirt i Hall Pobail Cois Cuain, agus ba é Aire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta Donnchadh Mac Fhionnlaoich, T.D a bhronn an coirn agus boinn ar na foirne a bhua.

Ba í Jade Ní Dhomhnaill as Naomh Mhuire, imreoir an chomórtais do na cailíní.