Ambasadóir den scoth é Liam Ó Cuinneagáin - Comhordaitheoir Gaeilge, Rannóg Pobal agus Fiontar, Comhairle Chontae Dhún na nGall

Nuair a chluinim ainm ‘Liam Ó Cuinneagáin’, tagann íomhá faoi leith isteach i mo cheann mar fear uasal, lách, gníomhach, cliste agus suimiúil le haghaidh aoibhiúil air i gcónaí Tá gradam Phearsa Thír Chonaill tuillte go maith ag Liam Ó Cuinneagáin ar shon an mhéid atá déanta aige dona bhaile dhúchais, Gleanncholmcille, do Dhún na nGall, do Ghaeltachtaí na tíre, don Díaspóra, don turasóireacht, ach go mórmhór don Ghaeilge ar fud na cruinne. Bíonn Gleanncholmcille ‘beo, bríomhar’ agus ag comhlíonadh Straitéis na Gaeilge ar bhonn eacnamúil, sóisialta agus cultúrtha de a fhad agus a bhíonn Oideas Gael ag reachtáil á gcuid cúrsaí sa Ghleann. Tarraingíonn Liam isteach na sluaite chun an Ghaeilge a mhúnadh agus a chur chun cinn ar dhóigh éagsúil agus dhifriúil, i maosc san teanga bheo agus sáite i ndúlra agus i gcultúr na háite. Tá go leor postanna cruthaithe i ndeisceart Thír Chonaill ag Liam, ní amháin in Oideas Gael ach san airneál thurasóireachta chomh maith. Bíonn sé ag freastal ar an Oireachtas achan bhliain agus dualgaisí éagsúla air idir seoladh leabhair, moltóireacht, freastal ar chruinnithe, cathaoirleacht agus ag cumarsáid i measc na nGael. Is ambasadóir den scoth é agus tá an tír bródúil as. “Bailí Fir”, a Liam!

From - Caitlín Uí Chochláin, Comhordaitheoir Gaeilge, Rannóg Pobal agus Fiontar, Comhairle Chontae Dhún na nGall.