Dhá Stáitse & Moll Ceoltóirí/Damhsóirí,Amhránaithe ag Cabaret Craiceáilte dé Dathairn Seo

staff reporter

Reporter:

staff reporter

Dhá Stáitse & Moll Ceoltóirí/Damhsóirí,Amhránaithe ag Cabaret Craiceáilte dé Dathairn Seo
Beidh lucht leanúna an cheoil Ghaelaí lán sceitiminí nuair a chluinfeas siad liosta na gceoltóirí a bhéas ag ceol & ag seinm ag Cabaret Craiceailte na míosa seo Tigh Hiúdaí. Chan amhain go bhfuil an sár ghrúpa ceoil, Na Casaidigh, a bhain cliú agus cail amach sna 70aidi/80idí, ag teacht ar ais le chéile arís, den dara uair do Chabaret Craiceáilte Ghaoth Dobhair, ach tá an grúpa traidisiúnta úr is fearr sa tír, Na Bonny Men ag teacht chuig an Chabaret den tríú uair, Dé Sathairn seo fosta.

Chan amháin sin, tá an sár ghrúpa úr as Gaoth Dobhair agus na Rosanna, Na Fá Dú Dá’s ar ais sa bhaile ar an ardán Chraiceáilte fosta, Dé Sathairn seo, chomh maith leis an grúpa Flamenco, na Luntic Spoons as Andalucia agus an Chatalóin a bhéas ag teacht go Gaoth Dobhair den chéad uair.

Agus muna bhfuil go leor ansin daoibh, a lucht leanúna an cheoil, tá cuairteoir speisialta ag teacht chugainn as Cuba, an Píobaire, Alexander Suárez Méndez as Havana, lena chomrádai, Gay Mc Keown, Ceannaire Na bPíobairí Uileann, agus an píobaire áitiúil, Conor Day.

Agus beidh na h-amhránaithe sean nóis is fearr ag Cabaret Craiceailte an tSathairn fosta, Éamonn Ó Donnchadha as Rath Cairn, Saileog Ní Cheannabháin as Baile Átha Cliath & Carna, agus Doimnic Mac Giolla Bhrighde, as Gaoth Dobhair ina measc.

Beidh damhsóirí Flamenco agus Sean Nóis ann ar an oíche fosta.

Beidh dhá stáitse ag an Chabaret De Sathairn seo 9 Lúnasa. Beidh na grúpaí ceoil uilig ar an ardán taobh istigh, agus beidh séisiún ceoil faoi stiúir Conor Day sa Phuball taobh amuigh.

Cha dtig linn a bheith 100% cinnte go mbeidh aimsir ar doigh ann De Sathairn seo, ach thig linn a bheith 100% nach mbeidh ceol & síamsaíocht chomh maith ar fáil in ait ar bith eile sa tír, De Sathairn seo, 9 Lúnasa, 9pm ( ag toiseacht níos luaithe mar gheall ar an oiread ceoltóirí atá ann), Tigh Hiúdaí, An Bun Beag, Gaoth Dobhair. Bígí Craiceáilte linn!.

Tá an Chabaret iontach buíoch dona gnólachtaí áitiúla a thugann cuidiú dúinn: Busanna Feda, Busanna Mc Ginley, Busanna Gallaghers, Siopa Mhicí, Siopa Mhatt, Teach Sheáin Óig, Teach Hiúdaí Beag, Teach Chambell, agus an chomhlacht Rosg.Táimid iontach bródúil a bheith páirteach san fhéile Loinneog Lúnasa i mbliana, agus táimid buíoch do Cháthal & an choiste a thug cuireadh dúinn a bheith mar chuid do chlár na féile i mbliana.

Tógra iomlán deonach atá sa Chabaret le tionscal ceoil & síamsaíochta & saol sóisíalta na Gaeilge a spreagadh, a chothú & a laidriú agus ní bheadh sé indéanta gan an chuidiú praicticiúil a fhaigheann muid óna busanna, siopaí, bialainn, & tithe lóistín.Is crúthúnas é go bhfuil lucht gnó sa cheantar seo sásta oibriú as lámh a chéile & tácú le tógraí a mheallann cuid mhór daoine isteach ‘na háite.

Chifidh muid Tigh Hiúdaí sibh Dé Sathairn